Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Nuatheangacha Iasachta

Nuatheangacha Iasachta

Nuatheangacha Iasachta

NTI na Sraithe Sóisearaí - Spáinnis / Fraincis

NTI na Sraithe Sínsearaí - Spáinnis / Fraincis

NTI san Idirbhliain - Spáinnis, Fraincis, Gearmánais, Iodlálais

Sna rangana nuatheangacha iasachta, spreagtar an scoláire:

  • taitneamh a bhaint as taithí foghlama teanga a thabharfaidh cabhair agus spreagadh dó leanúint ar aghaidh ag foghlaim teangacha sa todhchaí
  • cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach agus go muiníneach sa sprioctheanga i gcomhthéacsanna coitianta trí mheáin éagsúla
  • forbairt a dhéanamh ar a chumas chun struchtúir chuí agus stór focal cuí a úsáid chun críche cumarsáide, idir chumarsáid i scríbhinn agus chumarsáid ó bhéal
  • bheith athmhachnamhach agus neamhspleách ina fhoghlaim teanga agus páirt ghníomhach a ghlacadh i monatóireacht agus i measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta aige
  • léirthuiscint a ghnóthú dá chultúr féin agus do chultúir eile
  • forbairt a dhéanamh ar scileanna is féidir a chur i bhfeidhm maidir le réimsí eile staidéir agus saoil.

In Modern Foreign Language classes, students are encouraged to:

  • enjoy a language-learning experience that will facilitate and encourage them to continue learning languages in future
  • communicate effectively and confidently in the target language in familiar contexts through a range of media
  • develop their capacity to use appropriate structures and vocabulary for the purposes of communication, both written and oral
  • be reflective and autonomous in their language learning, and become actively involved in monitoring and assessing their progress
  • appreciate their own and other cultures
  • develop skills that they can apply to other areas of study and to their lives

Baineann na scoláirí úsáid as tógálaithe abairtí ionas go mbíonn siad in ann abairtí a chruthú ó thús a n-aistir foghlama teanga agus tá suibscríbhinn scoile againn don suíomh sentencebuilders.com ionas gur féidir leo a bheith neamhspleách ina gcuid foghlama.

Students use sentence builders to enable them to create sentences in the target language from the outset of their language-learning journey and we have a school subscription to the site sentencebuilders.com in order to encourage them to be independent in their learning.

Bímid ag canadh sa sprioctheanga, ag déanamh rólimirt agus ag imirt cluichí cainte chun an cumas cumarsáide ó bhéal a chur chun cinn.

We sing in the target language, do roleplays and play speaking games to develop our oral communication skills.

Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2025 Gaelcholáiste an Phiarsaigh