Scoileanna Ildánacha- Tionscnamh den Chomhairle Ealaíon
Creative Schools- An Arts Council Initiative
Tá Gaelcholaiste an Phiarsaigh páirteach sa tionscnamh 'Scoileanna Ildánacha' in éineacht leis an gComhairle Ealaíon. Tionscnamh suaitheanta is ea Scoileanna Ildánacha den chlár Éire Ildánach chun poitéinseal na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tacaíonn tionscnamh na Scoileanna Ildánacha le scoileanna/le hionaid leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga. Faoin tionscnamh seo, cuirtear deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheachta; chun cumarsáid a dhéanamh, chun comhoibriú le chéile, chun a samhlaíocht a mhúscailt, chun a gcumas nuálaíoch a chothú, agus chun leas a bhaint as a gcuid fiosrachta. Cuirfidh sé ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí oibre nua lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga. Táimid ag obair faoi láthair leis an gcomhairle agus le comhairle faoi leith ónár éascaitheoir don tionscnamh, Séamus Moran chun bealaí nua a aimsiú an chruthaitheacht a chur chun cinn sa scoil.
Gaelcholáiste an Phiarsaigh is part of the Arts Council's 'Creative Schools' initiative. Creative Schools is a flagship initiative of the Creative Ireland Programme to enable the creative potential of every child. Creative Schools is led by the Arts Council in partnership with the Department of Education and the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media.
The Creative Schools initiative supports schools/centres to put the arts and creativity at the heart of children’s and young people’s lives. This initiative provides opportunities for children and young people to build their artistic and creative skills; to communicate, collaborate, stimulate their imaginations, be inventive, and to harness their curiosity. It will empower children and young people to develop, implement and evaluate arts and creative activity throughout their schools/centres and stimulate additional ways of working that reinforce the impact of creativity on children and young people’s learning, development and well-being. We are currently working with the council and with particular help from our initiative advisor, Séamus Moran, to find new ways to encourage creativity in our school.