Seas an Fód

Seas an Fód

Seachtain Seas an Fód

Céard atá i gceist le 'Seachtain Seas an Fód'?

Déanaimid ceiliúradh ar seachtain Seas an Fód sa chéad téarma scoile. S'éard atá i gceist leis ná deis foghlama a chuidíonn linn tacaíocht a léiriú agus a chothú don phobal LADTA+. Foghlaimímid faoi théarmaíocht agus lipéadú a bhaineann leis an bpobal LADTA+ agus bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl i rith na seachtaine chun eolas a scaipeadh agus tacaíocht a léiriú. Eagraítear imeachtaí ar nós ceardlanna, comórtais phóstaeir, tráth na gceist, spraoi ag am lóin agus lá ildaite. Déanaimid forbairt ar ár dtuiscint ar stair agus pobal an LADTA+, trí théarmaíocht éagsúil a mhíniú agus a bhriseadh síos agus díriú isteach ar an ábhar sna ranganna. Foghlaimímid faoin trasnachas a bhaineann le grúpaí mionlaigh atá sa phobal LADTA+ agus faoin tslí ar féidir tacaíocht a thabhairt don phobal LADTA+ mar chomhghuaillí. Ag deireadh na seachtaine críochnaímid le tobshlua damhsa a dhéanamh leis an mbrat illdaite ag bogadh go bródúil os ár gcomhair.

An Bogha Báistí Ildaite

Chun Seachtain ‘Seas an Fód’ a cheiliúradh d’eagraíomar ócáid álainn i gclós na scoile leis na blianta uilig. In áit an ghnáthéide scoile, bhí gach duine gléasta i ndathana an bhogha báistí. Ghléas lucht na séú bliana i gcorcra; a sheasann le haghaidh bród, an cúigiú bliain i ngorm; a sheasann le haghaidh comhionannas, an idirbhliain i nglas; a sheasann le haghaidh caoinfhulaingt, an tríú bliain i mbuí; a sheasann le haghaidh saoirse, an dara bliain in oráiste; a sheasann le haghaidh meas agus an chéad bhliain i ndearg; a sheasann le haghaidh grá. Ghlacamar grianghraf de na scoláirí ar fad in ord mar bhogha báistí. Bhí spiorad na scoile fíor-ard an tseachtain sin.

Seas an FódSeas an FódSeas an Fód
Ean 15
2026
Cluiche Cispheile- Cailíní, bl. 1, 2
Ean 15
2026
Bl. 1 -Cruinniú Tuismitheoirí/Múinteoirí/Scoláirí
Ean 20
2026
Ceathrú Ceannais na hÉireann- Cispheil na bhFear
Ean 22
2026
(Bliain 3) The Merchant of Venice
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh