Seachtain Seas an Fód
Tharla seachtain Seas an Fód ag deireadh mí na Samhna i mbliana. Sna seachtainí ag teacht suas chuig seachtain Seas an Fód, rinneamar roinnt ullmhúchán lena haghaidh. D’fhoghlaíomar faoi théarmaíocht agus lipéadú a bhaineann leis an bpobal LADTA+. Rinneamar dearadh ar phóstaeir tríd comórtas a chur ar siúl chun eolais a scaipeadh timpeall na scoile. Cuireadh ceardlann ó eagraíochtaí do leithéidí BelongTo agus ShoutOut ar siúl do na blianta difriúla. Rinne siad forbairt ar an méid a bhí foghlamtha againne céanna féin, tríd téarmaíocht éagsúla a mhíniú agus a bhriseadh síos i slí a bhí éasca le tuiscint. D’fhoghlaíomar faoin trasnachas a bhaineann le grúpaí mionlaigh atá sa phobal LADTA+. Thug siad comhairle do dhaoine faoi chonas tacaíocht a thabhairt don phobal LADTA+ mar chomhghuaillí. Ag deireadh na seachtaine rinneamar cheiliúradh don seachtain tríd tobshlua damhsa a dhéanamh leis an mbrat illdaite ag bogadh go bródúil os ár comhair.