Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Gaisce 2023

27-Aibreán-23
Gaisce 2023

Ghlac grúpa de scoláirí na hidirbhliana páirt i nGaisce i mbliana agus bhí turas eachtraíochta acu le déanaí chun críoch a chur leis an mbliain!

Léigh thíos an cur síos a rinne Ella & Mallaidh ar an turas

Ghlac grúpa ón idirbhliain páirt i nGaisce i mbliana. Ar an 20ú lá de mhí Aibreáin chuamar ar ár siúlóid. Bhailigh an bus muid ón scoil agus thiomáin sé muid go dtí Gleann Dá Loch . D’fhág muid ár málaí sa bhrú óige agus thosaíomar ag siúl . Don chéad chúpla chiliméadar ní raibh an tsiúlóid ródheacair ach ansin thosaíomar ag siúl go barr an tsléibhe agus bhí sin níos deacra. Thart ar leath bhealach tríd an siúlóid stop muid chun lón a bheith againn agus ansin leanamar orainn ag siúl. Bhí na radhairc go hálainn agus bhí an t-ádh dearg orainn toisc go raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus muid ann. Bhí gach duine tuirseach traochta nuair a shroich muid an brú óige i ndiaidh an 15km a shiúl. An chéad mhaidin eile chuaigh roinnt againn ar siúlóid “éirí na gréine” leis an Múinteoir Fiachra ach ar an drochuair ní fhaca muid éirí na gréine. I ndiaidh sin bhí tóraíocht taisce againn timpeall na locha agus ar an mbealach ar ais chuig an mbrú stopamar chun uachtar reoite blasta a bheith againn. Bhí an bus ag fanacht orainn ag an mbrú óige agus ar ais linn go dtí GCP. Turas iontach a bhí ann.

M.Fómh
13 2024
Ceardlann staidéir- Bliain 6
M.Fómh
16 2024
Aoichainteoir (Bl. 6)- NCI
M.Fómh
17 2024
Aoichainteoir (Bliain 6) Coláiste Breisoideachais Chromghlinne
M.Fómh
23 2024
Aoichainteoir (Bl. 6)- OÉG
M.Fómh
25 2024
(Idirbhliain) Ceardlann Scileanna Domhanda
Déan Teagmháil linn
Teagmháil / Contact
An Mhainistir,
Bóthar na Gráinsí,
Ráth Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14,
D14 PP82


01 493 3335

Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste an Phiarsaigh