Turas na hIdirbhliana go Béal Feirste

TY trip to Belfast
31-Eanáir-25
Turas na hIdirbhliana go Béal Feirste

Bhí an Idirbhliain i mBéal Feirste an tseachtain seo agus bhí lá iontach acu ag foghlam faoi stair na cathrach. Iniata thíos tá cur síos a rinne Rían Ó Fiaich ar imeachtaí an lae.

Ar an 29ú lá d’Eanáir chuaigh an idirbhliain go dtí Béal Feirste don lá. Fuair muid bus ag 8:30 ar maidin agus bhí an turas níos mó na dhá uair. Nuair a shroich muid Béal Feirste chuaigh muid díreach go dtí an iarsmalann ‘Titanic’. Bhí an iarsmalann an-suimiúil le go leor eolais faoi na daoine Éireannacha a bhí ar an long. Ansin chuaigh muid go dtí an SS Nomadic, bád a bhailigh na héalaithigh ón Titanic. I ndiaidh sin bhí lón againn agus chuaigh muid go dtí Iarthar na cathrach. Fuair an treoraí turais, Jimmy, ar an mbus, agus thaispeáin sé an Túr Divis agus múrbhallaí Clonard dúinn. Fuair muid ar ais ar an mbus agus chuaigh muid go bóthar na Sean Chille. D’fhág muid slán le Jimmy agus chuaigh muid go dtí an Ionad Siopadóireachta Victoria. Bhí go leor siopaí ann chun bia nó eadaí a cheannach. Ansin fuair muid an bus abhaile agus shroich muid an scoil ag 8:45 san oiche. Bhí an turas an-suimiúil agus d’fhoghlaim mé go leor.

-Rían Ó Fiaich

Turas na hIdirbhliana go Béal FeirsteTuras na hIdirbhliana go Béal FeirsteTuras na hIdirbhliana go Béal FeirsteTuras na hIdirbhliana go Béal Feirste
Ean 15
2026
Cluiche Cispheile- Cailíní, bl. 1, 2
Ean 15
2026
Bl. 1 -Cruinniú Tuismitheoirí/Múinteoirí/Scoláirí
Ean 20
2026
Ceathrú Ceannais na hÉireann- Cispheil na bhFear
Ean 22
2026
(Bliain 3) The Merchant of Venice
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh